This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

An Próiseas

Tá dhá chéim ar leith i gceist le próiseas an Fhiosrúcháin Baincéireachta - Céim an Chomhthéacs agus Céim an Naisc.

Is é ba chuspóir do Chéim an Chomhthéacs, a críochnaíodh i Mí an Mhárta 2015, comhthéacs leathan an fhiosrúcháin a leagan amach, cur síos a dhéanamh ar chúlra na géarchéime baincéireachta, agus réamhullmhúchán a dhéanamh do Chéim an Naisc. Is é a bhí i gceist le Céim an Chomhthéacs faisnéis theicniúil a thabhairt don Choiste faoi réimsí ar nós iasachtú bainc agus bainistiú leachtaíochta, neamhchosaintí morgáiste, agus cineál, costas agus raon feidhme na breithe i dtaobh ráthaíocht a thabhairt. Le linn Chéim an Chomhthéacs, tionóladh 31 éisteacht phoiblí le finnéithe iomchuí d’fhonn faisnéis a bhailiú chun treoir a thabhairt do Chéim Naisc an Fhiosrúcháin.

image outlining the context phase

Le linn Chéim an Naisc díríodh ar thrí mhórghné — Córais agus Cleachtais Bhaincéireachta; Córais agus Cleachtais Rialála agus Mhaoirseachta; agus Córais bainistithe Géarchéime agus freagairtí beartais — agus ar an tionchar a bhí ag na trí mhórghné sin ar a chéile. Is é ba chuspóir do Chéim an Naisc, a tosaíodh i Mí Aibreáin 2015 agus a críochnaíodh i mí Mheán Fómhair 2015, na finnéithe ba thábhachtaí a cheistiú maidir leis na príomhcheisteanna agus maidir le haon easnaimh ar an bhfaisnéis a tugadh faoi deara le linn Chéim an Chomhthéacs agus an phróisis imscrúdaithe. Déanfaidh an Coiste an tuarascáil chríochnaitheach a thíolacadh i Mí Eanáir 2016.

Image outlining the Nexus phase