This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Cóipcheart

Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Faisnéis Earnála Poiblí a Athúsáid), 2005 (I.R. 279/2005)

Is comhchoiste de chuid Thithe an Oireachtais é an Coiste Fiosrúcháin i dtaobh na Géarchéime Baincéireachta. Comhlíonann Tithe an Oireachtais na Rialacháin maidir le hAthúsáid Faisnéise Earnála Poiblí (FEP) agus tugann siad spreagadh i leith faisnéis a chuirimid ar fáil a athúsáid. Féadtar faisnéis agus doiciméid atá ar láithreán gréasáin an Fhiosrúcháin Baincéireachta a athúsáid agus/nó a atáirgeadh, ach sin faoi réir an cheadúnais FEP is déanaí atá ar fáil ag www.psi.gov.ie.

Folaíonn athúsáid cóipeáil, cóipeanna a eisiúint don phobal, foilsiú, craoladh agus aistriú go teangacha eile. Clúdaítear úsáid neamhthráchtála agus staidéar freisin.

 

Cóipcheart

Ach amháin i gcás go léirítear a mhalairt, tá an fhaisnéis atá ar láithreán gréasáin an Fhiosrúcháin Baincéireachta faoi chóipcheart Thithe an Oireachtais. I gcás go déantar ábhar a shainaithint go soiléir mar ábhar atá faoi chóipcheart tríú páirtí, ní mór údarú a fháil ó na sealbhóirí cóipchirt lena mbaineann chun an t-ábhar sin a atáirgeadh.

Tabhair do d’aire, le do thoil, gurb iad na himleabhair cheangailte oifigiúla d'Achtanna an Oireachtais agus d'Ionstraimí Reachtúla 1922 go dáta a cuireadh i gcló faoi mhaoirseacht nó faoi údarás Oifig an tSoláthair agus a d’fhoilsigh Oifig an tSoláthair an fhoinse le haghaidh na reachtaíochta. Tá cóipcheart i reachtaíocht a achtaíodh tar éis thosach feidhme an Achta Cóipchirt agus Ceart Gaolmhar, 2000 dílsithe do Thithe an Oireachtais; tá cóipcheart i reachtaíocht a achtaíodh roimh thosach feidhme an Achta sin dílsithe do Rialtas na hÉireann. Is le cinneadh ón Rialtas dar dáta an 19 Márta 1997 a deonaíodh cead chun ábhair reachtaíochta atá faoi Chóipcheart ag an Rialtas a atáirgeadh, in aon mheán, gan aon ríchíosanna cóipchirt a íoc.

 

Séanadh

Níl Tithe an Oireachtais faoi dhliteanas i leith aon chaillteanais nó dliteanais a ghabhann le hathúsáid faisnéise ná ní dheimhníonn siad go bhfuil an fhaisnéis cothrom le dáta nó saor ó earráid. Ní hionann foilsiú reachtaíochta ar láithreán gréasáin an Fhiosrúcháin Baincéireachta agus léiriú á rá go raibh aon fhoráil áirithe de chuid reachta i bhfeidhm ná go bhfuil sí i bhfeidhm faoi láthair. Ní údaraíonn Tithe an Oireachtais d’aon úsáideoir cearta eisiatacha a bheith aige/aici ar athúsáid a bhfaisnéise.

 

Tuilleadh faisnéise

Chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi athúsáid na faisnéise a choimeádann Tithe an Oireachtais, déan teagmháil le:

Veronica Carr
An tAonad Cumarsáide
Seirbhís Thithe an Oireachtais
Teach Laighean
Baile Átha Cliath 2
e. veronica.carr@oireachtas.ie
t. + 353 1 618 3418