This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Saoráil Faisnéise

Tá na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003 (SF) ceaptha chun ligean do dhaoine den phobal rochtain a fháil ar thaifid a choimeádann comhlachtaí poiblí agus nach mbíonn ar fáil de ghnáth trí fhoinsí eile. Tá Coimisiún Thithe an Oireachtais agus Seirbhís Thithe an Oireachtais tar éis treoir ina leagtar amach na cearta atá ag daoine faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise (SF), 1997 agus 2003 a ullmhú, ar treoir í atá ceaptha mar chabhair do dhaoine maidir leis na cearta sin a fheidhmiú.

Treoir SF

Eisíodh an treoir de réir Ailt 15 agus 16 de na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, 1997 agus 2003 agus tá mionsonraí ann i dtaobh conas iarratas SF a dhéanamh.

Is ceart aon iarrataí SF a bhaineann leis an bhFiosrúchán Baincéireachta a chur le ríomhphost chuig foi@oireachtas.ie. Sin an t-aon seoladh ríomhphoist amháin atá le húsáid chun iarraidh bhailí SF a thíolacadh.

Foirm Iarratais SF

Nóta: Tar éis an tAcht um Shaoráil Faisnéise, 2014 a achtú, níl feidhm leis an táille €15 a thuilleadh i gcás iarrataí FOI neamhphearsanta.