This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Beartas maidir le Príobháideachas

Baineann an ráiteas seo le cleachtais phríobháideachais Sheirbhís Thithe an Oireachtais i dtaca le láithreán ghréasáin an Fhiosrúcháin Baincéireachta.

Urramaíonn Seirbhís Thithe an Oireachtais cearta a cuid úsáideoirí agus ní dhéanann sí faisnéis phearsanta de chineál ar bith a bhailiú de ghnáth. I gcás go ndéanann úsáideoir faisnéis phearsanta a sholáthar go saorálach le linn freagra a thabhairt ar ár bhfoirm aiseolais custaiméara, ar cheistneoir nó ar shuirbhé, is ar mhaithe le taighde nó anailís a úsáidfear na sonraí sin agus ar mhaithe leis an méid sin amháin.

Maidir le brabhsáil ghinearálta gréasáin, ní nochtar aon fhaisnéis phearsanta dúinn ach bíonn faisnéis staitistiúil áirithe ar fáil dúinn trínár soláthróir seirbhíse Idirlín. D’fhéadfadh na nithe seo a leanas a bheith ann san fhaisnéis sin: seoladh loighciúil an fhreastalaí atá á úsáid agat, ainm an fhearainn barrleibhéil óna bhfaigheann tú rochtain ar an Idirlíon (mar shampla, .ie, .com, etc.), an cineál brabhsálaí atá á úsáid agat, an dáta agus an t-am a bhfaigheann tú rochtain ar ár láithreán agus an seoladh Idirlín a úsáideadh chun nasc a dhéanamh lenár láithreán. Baintear úsáid as cuid den fhaisnéis thuas chun staitisticí achoimre a chruthú, rud a ligeann dúinn an líon cuairteoirí ar ár láithreán a mheas agus na leathanaigh is minice a bhfaightear rochtain orthu a shainaithint. Úsáidimid na staitisticí sin chun cabhrú linn bearta a dhéanamh le gur fusa d’úsáideoirí an láithreán a úsáid.

 

Fianáin

Is é atá i bhfianáin ná comhaid bheaga sonraí a chuirtear chuig do ríomhaire, chuig do tháibléad nó chuig do theileafón soghluaiste ó ríomhaire (freastalaí) láithreáin ghréasáin agus stóráiltear iad ar thiomántán crua an ghléis sin. Úsáideann an chuid is mó de na láithreáin a dtugtar cuairt orthu fianáin chun feabhas a chur ar d’eispéireas mar úsáideoir trína chumasú don láithreán gréasáin lena mbaineann ‘cuimhneamh’ ort ar feadh ré do chuairte (trí ‘fianáin seisiúin’ a úsáid) nó nuair a thagann tú ar ais chuig an láithreán céanna (trí ‘fianán seasmhach‘ a úsáid). Ní féidir fianáin a úsáid chun tú a shainaithint go pearsanta ná ní féidir le fianáin cláir a rith ná víris a thabhairt isteach i do ríomhaire.

Is féidir leat a roghnú go dtabharfaidh do ríomhaire foláireamh duit gach uair atá fianán á chur chuig do ríomhaire nó stop a chur le gach fianán. Is féidir leat na roghanna sin a chur i bhfeidhm laistigh de na socruithe atá ar fáil i do bhrabhsálaí. Tá brabhsálaithe éagsúil óna chéile, áfach, agus is ceart duit, dá bhrí sin, féachaint ar Roghchlár do bhrabhsálaí chun a fháil amach conas do chuid fianán a mhodhnú. Má chuireann tú stop ar fad le fianáin, ní bheidh rochtain agat ar chuid mhór rudaí atá ann chun feabhas a chur ar d'eispéireas.

Is féidir leat cuairt a thabhairt ar www.allaboutcookies.org chun mionsonraí a fháil i dtaobh conas fianáin a scriosadh nó diúltú d'fhianáin agus chun tuilleadh faisnéise a fháil faoi fhianáin i gcoitinne. Chun faisnéis a fháil faoi úsáid fianán i mbrabhsálaithe teileafóin shoghluaiste agus chun mionsonraí a fháil i dtaobh conas diúltú d’fhianáin den sórt sin nó fianáin den sórt sin a scriosadh, is ceart duit lámhleabhar na feiste láimhe atá agat a léamh.

 

Naisc

Tá naisc le láithreáin eile ann ar ár láithreán gréasáin. Níl Seirbhís Thithe an Oireachtais freagrach as cleachtais phríobháideachais laistigh d’aon cheann de na láithreáin eile sin. Molaimid duit a bheith ar an eolas ina leith sin nuair a imíonn tú ón láithreán gréasáin seo agus na ráitis phríobháideachais ar láithreáin ghréasáin eile a dtugann tú cuairt orthu, ar láithreáin iad a bhailíonn faisnéis phearsanta inaitheanta, a léamh. Ní bhaineann an ráiteas príobháideachais seo ach amháin le faisnéis a bhailítear ar láithreán gréasáin an Fhiosrúcháin Baincéireachta.