This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Faoin bhFiosrúchán

Ar an 14 Bealtaine 2014, rinneadh Comhchoiste Fiosrúcháin i dtaobh na Géarchéime Baincéireachta, faoi cheannas Chiaráin Uí Loinsigh, TD, a bhunú le horduithe ón dá Theach (Dáil Éireann agus Seanad Éireann). Is é atá sa chúram a leagadh ar an gcoiste ná togra iomchuí a fhorbairt i gcomhair fiosrúcháin maidir le gnéithe áirithe den ghéarchéim bhaincéireachta. Is é is cuspóir don fhiosrúchán ná féachaint leis na cúiseanna a raibh géarchéim chórasach bhaincéireachta in Éirinn, de réir mar a cheanglaítear lena Théarmaí Tagartha.

Tháinig an Comhchoiste le chéile seacht n-uaire idir an 19 Meitheamh agus an 24 Meán Fómhair 2014 chun an Togra Iomchuí a dhréachtú agus fuair sé cúnamh maidir lena chuid oibre ó ghrúpa tacaíochta ag a raibh eolas agus sainoilteacht iomchuí.

Ar an 26 Meán Fómhair 2014, rinne an Coiste a Thogra Iomchuí i dtaca le Seoladh Fiosrúcháin i dtaobh Gnéithe Áirithe de Ghéarchéim Bhaincéireachta na hÉireann, de réir an Achta um Thithe an Oireachtais (Fiosrúcháin, Pribhléidí agus Nósanna Imeachta), 2013, a chur faoi bhráid Choistí na Dála agus an tSeanaid um Nós Imeachta agus Pribhléidí.

Is é an Coiste Fiosrúcháin i dtaobh na Géarchéime Baincéireachta an chéad fhiosrúchán atá le cur i gcrích faoi fhorálacha an Achta um Thithe an Oireachtais (Fiosrúcháin, Pribhléidí agus Nósanna Imeachta), 2013.

Is é an Coiste Fiosrúcháin i dtaobh na Géarchéime Baincéireachta an chéad fhiosrúchán atá le seoladh faoin reachtaíocht seo.