This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Téarmaí Tagartha

Téarmaí Tagartha an Fhiosrúcháin i dtaobh na Géarchéime Baincéireachta (PDF)

(as agreed by Dáil Éireann on 25 November 2014 and Seanad Éireann on 26 November 2014)

  1. Déanfaidh an Comhchoiste Fiosrúcháin i dtaobh na Géarchéime Baincéireachta arna cheapadh le hOrdú an 14 Bealtaine, 2014 ó Dháil Éireann, agus le hOrdú an 14 Bealtaine, 2014 ó Sheanad Éireann fiosrúchán a sheoladh faoi alt 7 den Acht um Thithe an Oireachtais (Fiosrúcháin, Pribhléidí agus Nósanna Imeachta), 2013 (dá ngairtear “Acht 2013” anseo ina dhiaidh seo) de réir an Rúin seo maidir le Téarmaí Tagartha.
  2. Is é ábhar an fhiosrúcháin fiosrú a dhéanamh maidir leis na cúiseanna a raibh géarchéim chórasach bhaincéireachta in Éirinn, lena n áirítear na tosca agus na beartais i dtaobh cúrsaí polaitiúla, geilleagracha, sóisialta, cultúrtha, airgeadais agus iompraíochta, a raibh tionchar acu ar an ngéarchéim nó a chuir léi, trí imscrúdú a dhéanamh maidir le nithe iomchuí a bhaineann le córais agus cleachtais bhaincéireachta, córais agus cleachtais rialála agus mhaoirseachta, córais bainistithe géarchéime, agus freagairtí beartais agus na hathchóirithe coisctheacha a cuireadh i bhfeidhm d’aithle na géarchéime.
  3. Le linn an fiosrúchán a sheoladh, maidir leis an gComhchoiste–
    (a) féadfaidh sé imscrúdú agus grinnscrúdú a dhéanamh ar ghníomhartha foras baincéireachta, agus údarás atá freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar na forais sin agus as dlíthe maidir leis an maoirseacht sin, de réir mar atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Rún seo; agus
    (b) beidh aird aige ar an gcomhthéacs baile agus idirnáisiúnta maidir leis an ngéarchéim bhaincéireachta agus maidir leis an bhfiosrúchán agus féadfaidh sé fiosrú a dhéanamh maidir leis na nithe seo a leanas, ach gan a bheith teoranta dóibh:
    i. fionnachtana agus moltaí tuarascálacha roimhe sin ar an ngéarchéim, i dtaobh ar cuireadh i ngníomh iad, agus má cuireadh, a n éifeachtacht agus a dtionchar fadtéarmach;
    ii. caidrimh idir údaráis Stáit, páirtithe polaitíochta, ionadaithe tofa, údaráis mhaoirseachta, forais bhaincéireachta agus an earnáil maoine;
    iii. freagairtí ar réamhrabhaidh faoin ngéarchéim a bhí le teacht agus na tuairimí éagsúla nó contrártha ar an gcomhdhearcadh a bhí i réim; agus
    iv. ról na meán cumarsáide.
  4. Is de réir mar a shonraítear i gCuid A den Sceideal a ghabhann leis an Rún seo a bheidh na nithe a fhéadfaidh teacht faoi réim an fhiosrúcháin.
  5. Is de réir mar a shonraítear i gCuid B den Sceideal a ghabhann leis an Rún seo a bheidh na haicmí daoine lena mbaineann na nithe a fhéadfaidh teacht faoi réim an fhiosrúcháin.
  6. Is í an tréimhse ama le haghaidh an fhiosrúcháin an 1 Eanáir, 1992 go dtí an 31 Nollaig, 2013.
  7. Is é an tAontas Eorpach agus dlínsí iomchuí eile an suíomh chun críocha an fhiosrúcháin.
  8. Beidh an chumhacht ag an gComhchoiste fios a chur ar dhaoine nó fios a chur i ndáil le páipéir agus taifid faoi [Bhuan Ordú 83(2A)- Dáil / Bhuan-Ordú 71(2A) – Seanad] agus/nó de bhun Chuid 6 d’Acht 2013 agus, go háirithe, ailt 67, 68, 70, 72 agus 73 den Acht sin.
  9. Féadfaidh an Comhchoiste fiosrú a dhéanamh maidir le nithe, daoine agus tréimhsí ama i dteannta na nithe, na ndaoine agus na dtréimhsí ama sin a shonraítear sa Rún seo, go heisiatach i gcás go measfaidh an Coiste go mbaineann siad go díreach le hábhar an fhiosrúcháin mar a leagtar amach i míreanna (2) agus (3) é, agus sa chás sin amháin.
  10. Beidh ag an gComhchoiste na cumhachtaí dá dtagraítear in alt 7(1)(c) agus (d)(i) agus (ii) d’Acht 2013 agus féadfar aon chinntí fíorais a dhéantar san fhiosrúchán seo de chuid Chuid 2 a úsáid i bhfiosrúcháin eile de chuid Chuid 2.
  11. Féadfaidh an Comhchoiste a chinneadh, maidir le haon ní i ndáil le córais, cleachtais, nósanna imeachta nó beartas nó socruithe maidir le cur i ngníomh beartais, gur ar shlí eile ba chóir é a sheoladh de réir alt 17(3) d’Acht 2013.
  12. Féadfaidh an Comhchoiste, de réir alt 17(3)(b) d’Acht 2013, moltaí a dhéanamh a eascraíonn as aon chinntí fíorais, agus féadfar a áireamh ar na moltaí sin moltaí le haghaidh athrú reachtaíochta agus le haghaidh reachtaíocht nua.

 

AN SCEIDEAL

Cuid A: Nithe a fhéadfaidh teacht faoi réim an fhiosrúcháin

Iompar, teagmhais, gníomhaíochtaí, imthosca, córais, cleachtais, nósanna imeachta a bhaineann leis na nithe seo a leanas:

An Comhthéacs
1. Cinntí agus moltaí tuarascálacha roimhe seo ar ghéarchéim bhaincéireachta na hÉireann.
2. An comhthéacs idirnáisiúnta, comhthéacs AE agus an comhthéacs a bhaineann le beartas baile, lena n áirítear príomhchinntí tuarascálacha ó ghníomhaireachtaí idirnáisiúnta faireacháin, lena n áirítear freisin an ról agus an tionchar a bhí ag ballraíocht den Euro.
3. Caidrimh idir údaráis Stáit, páirtithe polaitíochta, ionadaithe tofa, údaráis mhaoirseachta, forais bhaincéireachta agus an earnáil maoine.
4. Réamhrabhaidh, tuairimí éagsúla agus contrártha.
5. Ról an Euro, lena n áirítear an ról a d’fhéadfadh a bheith ag ballraíocht na hÉireann den Euro sa ghéarchéim bhaincéireachta agus an ní gaolmhar, arb éard é neart steirling le hais an Euro.
6. Ról na meán cumarsáide.

Córais agus cleachtais bhaincéireachta
7. Rialachas Corparáideach agus an tSamhail Ghnó.
8. Beartas Iasachta agus Rialú Creidmheasa.
9. Bainistiú Priacal (lena n áirítear Iniúchadh Inmheánach, Coistí Iniúchta).
10. Bainistiú Cistithe agus Leachtaíochta.
11. Tuarascálacha agus Cumarsáidí maidir le hIniúchadh Seachtrach.
12. Luach saothair an Bhoird agus na bhfeidhmeannach.

Córais agus Cleachtais Rialaitheacha agus Mhaoirseachta
13. Struchtúr agus seoladh Córas Rialaitheach agus Maoirseachta.
14. Faireachán agus maoirseacht ar an Tionscal Airgeadais, lena n-áirítear forfheidhmiú.
15. Ról an Bhainc Ceannais, lena n áirítear Cobhsaíocht Airgeadais.
16. Ról na Roinne Airgeadais.
17. Ról agus Tionchar Eagraíochtaí Idirnáisiúnta.
18. Ról Thithe an Oireachtais.

Córais bhainistithe géarchéime agus freagairtí beartais
19. Socruithe Bainistithe Géarchéime sa tréimhse díreach roimh an mbreith i dtaobh Ráthaíochta agus dá éis sin.
20. Breith an 30 Meán Fómhair 2008 i dtaobh Ráthaíocht Bainc, lena n áirítear sa tréimhse díreach roimpi agus na breitheanna a tugadh maidir lena cur i ngníomh dá éis sin.
21. Freagairtí díreacha beartais ar an ngéarchéim, lena n-áirítear an Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní, náisiúnú bainc, athchaipitliú, úsáid an Chúnaimh Leachtaíochta Éigeandála, Leachtú Speisialta CÉRB, saincheist na nótaí gealltanais agus clár cúnaimh AE-CAI.
22. Bearta reachtacha agus rialaitheacha – náisiúnta agus AE – a rinneadh ó bhí an ghéarchéim ann, go háirithe maidir le réiteach bainc agus le tosaíocht creidiúnaithe.
23. Tionchar na géarchéime baincéireachta ar chreidiúnaithe bainc, lena n-áirítear aon iarrachtaí chun comhroinnt ualaigh a bhaint amach le creidiúnaithe agus ról agus tionchar an Bhainc Ceannais Eorpaigh maidir leis an tsaincheist arb éard í comhroinnt ualaigh le creidiúnaithe.

Cuid B: Aicmí daoine lena mbaineann na nithe i gCuid A
1. Daoine atá ar fostú nó ar conradh ag–
(a) forais chreidmheasa a shonraítear le hOrdú ón Aire Airgeadais de bhun alt 6 den Acht um Fhorais Chreidmheasa (Tacaíocht Airgeadais), 2008, lena n áirítear: Cathaoirligh, Príomhfheidhmeannaigh, comhaltaí boird, agus feidhmeannaigh agus comhairleoirí iomchuí eile, ach gan a bheith teoranta dóibh sin;
(b) forais chreidmheasa eile arna gceadúnú ag an mBanc Ceannais oibriú laistigh den Stát, lena n áirítear: Cathaoirligh, Príomhfheidhmeannaigh, comhaltaí boird, agus feidhmeannaigh agus comhairleoirí iomchuí eile, ach gan a bheith teoranta dóibh sin.
2. Daoine a fuair iasachtaí tráchtála, lena n-áirítear le haghaidh maoin tráchtála, ó na forais chreidmheasa a thagann faoi réim an Sceidil seo.
3. Iniúchóirí seachtracha le haghaidh forais chreidmheasa a thagann faoi réim an Sceidil seo.
4. An Banc Ceannais: Gobharnóirí, Stiúrthóirí, Ard-Stiúrthóirí, Stiúrthóirí Críonnachta, comhaltaí boird, agus oifigigh agus comhairleoirí iomchuí eile.
5. Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann / An Rialtóir Airgeadais: Cathaoirligh, Príomhfheidhmeannaigh, comhaltaí den Údarás, agus oifigigh agus comhairleoirí iomchuí eile.
6. Comhaltaí den Bhuanghrúpa Baile.
7. An Chomh-Aireacht: Comhaltaí den Chomh-Aireacht, Ard-Aighní, agus comhairleoirí don Rialtas.
8. Roinn an Taoisigh: Ard-Rúnaithe, Rúnaithe Cúnta iomchuí, oifigigh iomchuí eile agus comhairleoirí speisialta.
9. An Roinn Airgeadais: Ard-Rúnaithe, Fo-Rúnaithe, Rúnaithe Cúnta iomchuí, oifigigh iomchuí eile agus comhairleoirí speisialta.
10. Comhaltaí de Thithe an Oireachtais, comhaltaí de Pharlaimint na hEorpa agus comhaltaí d’Údaráis Áitiúla.
11. Páirtithe Polaitíochta: Ard-Rúnaithe, Oifigigh ar leibhéal Náisiúnta agus oifigigh iomchuí eile.
12. An Banc Ceannais Eorpach: An tUachtarán agus oifigigh iomchuí.
13. ECOFIN agus a chomhchomhlachtaí, lena n-áirítear an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais, ach gan a bheith teoranta dó sin.
14. Daoine iomchuí atá ar fostú nó ar conradh ag an gCoimisiún Eorpach.
15. Daoine iomchuí faoi réim sásraí cuspóra speisialta chun déileáil leis an ngéarchéim ar leibhéal an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear an tSaoráid Chobhsaíochta Airgeadais Eorpach (SaorCAE) agus an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE), ach gan a bheith teoranta dóibh sin.
16. Daoine iomchuí atá ar fostú nó ar conradh ag an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta.
17. An Ghníomhaireacht Náisiúnta um Bainistíocht Sócmhainní: An Cathaoirleach, an Príomhfheidhmeannach agus oifigigh iomchuí eile.
18. Gníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta: An Príomhfheidhmeannach agus oifigigh iomchuí eile.
19. Coimisiún an Chúlchiste Náisiúnta Pinsean: An Príomhfheidhmeannach agus oifigigh iomchuí eile.
20. Daoine a léirigh tuairimí éagsúla nó contrártha, lena n-áirítear daoine a bhí ar fostú nó ar conradh ag na forais chreidmheasa a thagann faoi réim an Sceidil seo, ag an mBanc Ceannais, ag Údarás Rialála Seirbhísí Airgeadais na hÉireann/ag an Rialtóir Airgeadais agus ag an Roinn Airgeadais.
21. Na Meáin Chumarsáide: Eagarthóirí Sinsearacha, Comhaltaí Boird agus Rialaitheoirí Airgeadais in eagraíochtaí meán cumarsáide.
22. Sealbhóirí Sóisearacha agus Sinsearacha Bannaí de chuid foras creidmheasa a thagann faoi réim an Sceidil seo.
23. Aon daoine iomchuí eile, go heisiatach i gcás go measfaidh an Comhchoiste go mbaineann na daoine sin go díreach le hábhar an fhiosrúcháin, agus sa chás sin amháin.