This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Ceisteanna a Chuirtear go Minic

C: Cén uair a cuireadh an Fiosrúchán Baincéireachta ar bun?

Rinneadh an Coiste Fiosrúcháin i dtaobh na Géarchéime Baincéireachta (“an Fiosrúchán Baincéireachta”) a bhunú go foirmiúil i mí na Samhna 2014 faoin Acht um Thithe an Oireachtais (Fiosrúcháin, Pribhléidí agus Nósanna Imeachta), 2013. Is é an chéad fhiosrúchán é atá curtha ar bun faoin Acht.


C: Cad atá le suíomh mar thoradh ar chur ar bun an Fhiosrúcháin Baincéireachta?

Is é is cuspóir leis an bhFiosrúchán fiosrú a dhéanamh faoi na cúiseanna a bhain leis an ngéarchéim chórasach bhaincéireachta in Éirinn, lena n-áirítear na tosca agus na beartais i dtaobh cúrsaí polaitiúla, geilleagracha, sóisialta, cultúir, airgeadais agus iompraíochta, a raibh tionchar acu ar an ngéarchéim nó a chuir léi, agus na hathchóirithe coisctheacha a cuireadh i bhfeidhm d’aithle na géarchéime.

 

C: Cá fhad a mhairfidh an Fiosrúchán?
Tá sé beartaithe tuarascáil deiridh an Fhiosrúcháin a fhoilsiú i mí Eanáir 2016.

 

C: Cén cruth atá ar an bhFiosrúchán?

Tá dhá chéim ar leith san Fhiosrúchán – Céim an Chomhthéacs agus Céim an Naisc.

Céim an Chomhthéacs – Le linn na céime seo, leagadh amach comhthéacs leathan an fhiosrúcháin agus rinneadh cur síos ar chúlra na géarchéime baincéireachta. Is é a bhí i gceist leis an gcéim sin faisnéis theicniúil a thabhairt do chomhaltaí an Choiste chun a chinntiú go raibh siad ar an eolas go huile is go hiomlán faoi na príomhcheisteanna teicniúla. Ina dhiaidh sin, tionóladh roinnt éisteachtaí poiblí le finnéithe iomchuí, d’fhonn faisnéis a bhailiú chun treoir a thabhairt don chéad chéim eile den phróiseas.

Céim an Naisc – Is é ba chuspóir don chéim seo ná na príomhcheisteanna a aithint, arbh iad na ceisteanna nár mhór aird a thabhairt orthu le linn na n-éisteachtaí poiblí agus sa tuarascáil ar an bhfiosrúchán; fianaise iomchuí (i scríbhinn agus ó bhéal) a aithint agus soláthar na fianaise sin a ordú, agus anailís a dhéanamh ar an bhfianaise go léir agus tuairisc ar an anailís sin a thabhairt i bhfoirm tuarascáil chríochnaitheach. Tá trí fhochéim i gceist leis an gcéim seo (1) próiseas imscrúdaithe, (2) éisteachtaí poiblí, agus (3) an tuarascáil chríochnaitheach.

Féach freisin Faoin bhFiosrúchán > Próiseas

 

C: Cén uair a tionóladh na héisteachtaí poiblí?

Cuireadh tús leis na heisteachtaí poiblí do Chéim an Chomhthéacs i mí na Nollag 2014 agus críochnaíodh iad i mí Aibreáin 2015. Cuireadh tús leis na héisteachtaí poiblí do Chéim an Naisc i mí Aibreáin 2015 agus críochnaíodh iad i mí Mheán Fómhair 2015.

 

C: An bhfuil taifid ar na himeachtaí ar fáil ar an suíomh gréasáin?
Tá athscríbhinní ar éisteachtaí gach lae ar fáil ar an suíomh gréasáin. Maidir leis an bhfianaise dhoiciméadach a ndearna an Coiste breithniú uirthi, foilsíodh sin freisin, dá mb’fhéidir é, ar an suíomh gréasáin seo.

 

C: Cé mar is féidir taifead físe d’éisteachtaí roimhe seo a fheiceáil?

I limistéar na n-Éisteachtaí den suíomh idirlín seo, tá naisc ann chuig comhaid fhíse de gach éisteacht phoiblí, de réir an dáta. Chomh maith leis sin, is féidir comhaid mp4 de na héisteachtaí poiblí a íoslódáil. Ba chóir don úsáideoir beartas cóipchirt agus ath úsáide Sheirbhís Thithe an Oireachtais a cheadú.

 

C: An féidir le daoine den phobal agus le hionadaithe na meán freastal ar na héisteachtaí poiblí?
Críochnaíodh na héisteachtaí poiblí i mí Mheán Fómhair 2015.

 

C. Cé leis/léi a ndéanaim teagmháil i gcás fiafraithe preasa?

Ciarán Brennan, Oifigeach Preasa, Teach Laighean, Tithe an Oireachtais, Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2.
r.  ciaran.brennan@oireachtas.ie
t. +353 1 618 3903
s. +353 86 049 6518

 

C. Cé leis/léi a ndéanaim teagmháil i gcás fiafraithe ginearálta?

Is ceart gach fiafraí de chineál ginearálta a sheoladh chuig Rúnaíocht an Choiste.
r.  contactbankinquiry@oireachtas.ie
t. +353 1 618 3651