This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Réamhrá an Chathaoirligh

Is í seo an chéad uair a bheidh fiosrúchán den chineál seo á chur i gcrích faoi reachtaíocht nua. Tá fíor-dheis againn a thaispeáint gur féidir leis an Oireachtas fiosrúchán cóir cothrom a chur i gcrích maidir leis na heachtraí a d’imir tionchar chomh mór sin ar Éirinn agus ar mhuintir na hÉireann.

Bhí géarchéim bhaincéireachta na hÉireann gan mhacasamhail i dtéarmaí a scála agus an tionchair a bhí aici ar an Stát. Ní féidir a rá faoin ngéarchéim nach raibh ann ach cliseadh simplí sa chóras baincéireachta ach is ceart a rá gur ghéarchéim í a d’éirigh as cliseadh sistéamach forleathan. Ní féidir scrúdú a dhéanamh uirthi trí aon lionsa amháin agus ní mór na gaolmhaireachtaí idir na páirtithe éagsúla, chomh maith le comhthéacs leathan a ngníomhartha, a chur i gcuntas.

Is príomhghné den fhiosrúchán é a chinntiú go ndéanfar é a sheoladh ar mhodh oscailte trédhearcach. Ceapaimse gur gá go ndéanfar imeachtaí an fhiosrúcháin pharlaimintigh seo a phoibliú ar bhealach chomh leathan agus is féidir trí úsáid a bhaint as an líon mór seirbhísí faisnéise poiblí atá ar fáil dúinn, amhail an sainláithreán gréasáin seo, chomh maith leis na meáin shóisialta, craoladh gréasáin agus Teilifís an Oireachtais. Trí úsáid a bhaint as na meáin sin, beidh deis ag daoine a bhí bainteach le ceann de na mór-imeachtaí is suntasaí dár tharla ó bunaíodh an Stát cuntas bunaidh a thabhairt. Agus rud atá tábhachtach, tabharfaidh sé deis do mhuintir na hÉireann na daoine a nglaofar orthu chun fianaise a thabhairt go poiblí a fheiceáil agus a chloisteáil.

Ciarán Ó Loinsigh, Cathaoirleach