This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Ciarán Ó Loinsigh (Cathaoirleach)

Ciaran LynchTD de chuid Pháirtí an Lucht Oibre is ea an Teachta Ciarán Ó Loinsigh agus toghadh é do dháilcheantar Chorcaí Theas Láir.

D’fhóin sé ar Chomhairle Cathrach Chorcaí (2004-2007) agus ghlac sé páirt i roinnt fóram agus coistí, agus d’fheidhmigh sé mar chathaoirleach ar na fóraim agus ar na coistí sin, lena n-áirítear Fóram Sláinte an HSE do Réigiún an Deiscirt (2006-7) chomh maith le Coiste Chomhairle Cathrach Chorcaí maidir le Pleanáil & Forbairt agus Ealaíona (2006).

Toghadh an Teachta Ó Loinsigh chun na Dála in olltoghchán Bhealtaine 2007 agus atoghadh é i mí Feabhra 2011. Le linn na tréimhse atá caite aige i dTeach Laighean, tá obair déanta aige go háirithe leis na Coistí a bhíonn ag plé le cúrsaí Comhshaoil, Oidhreachta agus Rialtais Áitiúil. I Meitheamh 2011, ceapadh é mar chathaoirleach ar Choiste na Dála um Chomhshaol, Iompar, Cultúr agus Gaeltacht agus, i mí Dheireadh Fómhair 2012, toghadh é mar chathaoirleach ar an gCoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú.

Rinne an Teachta Ó Loinsigh staidéar ar bhainistíocht oideachais in Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge agus ar staidéir shóisialta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Baineann a chúlra gairmiúil le litearthacht aosach agus le hoideachas pobail agus d’oibrigh sé mar Eagraí Litearthachta Aosach le Coiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí (ar a dtugtar Bord Oideachais agus Oiliúna Chorcaí anois) agus d’fhóin sé mar chomhalta den Bhord um Oideachas Aosach ansin freisin.

An Coiste

Piaras Ó Dochartaigh

Seosamh Ó hUiginn

Micheál Mac Craith

Eoghan Ó Murchú

Ciarán Ó Domhnaill

Seán Pól Ó Faoláin

Seán D Barrett

Micheál Ó Dorcmaí

Marc MacSharry

Siobhán Ní Chaoimh