This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Eoghan Ó Murchú

eoghan-murphyIs é an Teachta Eoghan Ó Murchú TD Fhine Gael do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Thoir Theas. Toghadh chun na Dála é i mí Feabhra 2011. Tá an Teachta Ó Murchú ina chomhalta den Choiste um Chuntais Phoiblí agus, roimhe seo, d’fhóin sé mar Cheann thoscaireacht an Oireachtais chun Tionól Parlaiminteach na hEagraíochta um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE).

Sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht, d’oibrigh an Teachta Ó Murchú sa réimse rialaithe arm idirnáisiúnta, go háirithe i dtaca le saincheisteanna a bhaineann le dí-armáil arm núicléach. Go dtí an bhliain 2009, d’fhóin sé mar chomhairleoir agus mar scríbhneoir óráidí do cheann aonad faire na Náisiún Aontaithe um thástáil arm núicléach, sa Vín, agus ina dhiaidh sin d’fhill sé ar Bhaile Átha Cliath agus toghadh chun Comhairle na Cathrach é.

Is céimí de chuid an Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, é an Teachta Ó Murchú agus tá céim aige sa Bhéarla agus san Fhealsúnacht. Fuair sé MA i gcaidreamh idirnáisiúnta ansin ó King’s College, Londain, UCL. Sa bhliain 2013, bronnadh Ánracht Marshall air.

An Coiste

Ciarán Ó Loinsigh (Cathaoirleach)

Piaras Ó Dochartaigh

Seosamh Ó hUiginn

Micheál Mac Craith

Ciarán Ó Domhnaill

Seán Pól Ó Faoláin

Seán D Barrett

Micheál Ó Dorcmaí

Marc MacSharry

Siobhán Ní Chaoimh