TD de chuid an Pháirtí Shóisialaigh is ea Seosamh Ó hUiginn agus toghadh é do dháilcheantar Bhaile Átha Cliath Thiar.
D’fhóin an Teachta Ó hUiginn mar chomhairleoir do bhardaí Mhullach Eadrad agus Chaisleán Cnucha agus mar Chomhalta de Pharlaimint na hEorpa do thoghlach Bhaile Átha Cliath. Toghadh é chun na Dála sa bhliain 1997 agus atoghadh é sa bhliain 2002. Chaith sé na blianta 2009 agus 2010 i bParlaimint na hEorpa agus tháinig sé ar ais go dtí an Dáil nuair a toghadh é sa bhliain 2011. D'oibrigh an Teachta Ó hUiginn le Coiste Trádála Idirnáisiúnta Pharlaimint na hEorpa. Faoi láthair, is comhalta de Choiste an Oireachtais um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú é.
Faoi láthair, scríobhann sé ábhar do pháipéar a pháirtí, is é sin, The Socialist.