This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Ciarán Ó Domhnaill

kieran-ODonnellTD de chuid Fhine Gael is ea an Teachta Ciarán Ó Domhnaill agus toghadh é do dháilcheantar Chathair Luimnigh. Toghadh chun na Dála é sa bhliain 2007 do dháilcheantar Luimnigh Thoir agus atoghadh é dá dháilcheantar reatha i mí Feabhra 2011. Ar dtús, bhí an Teachta Ó Domhnaill

ag obair mar leas-urlabhraí a pháirtí ar chúrsaí airgeadais, agus freagracht ar leith air maidir le saoráil faisnéise, athchóiriú an chórais fála seirbhísí agus earraí, agus oifig na n-oibreacha poiblí agus, ina dhiaidh sin, ghlac sé le ról leas-urlabhraí an pháirtí ar chúrsaí fiontraíochta, trádála agus nuálaíochta, agus freagracht ar leith air maidir le fiontraíocht agus fostaíocht. Faoi láthair, is comhalta den Choiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú agus den Choiste um Chuntais Phoiblí é.

Sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht náisiúnta, toghadh an Teachta Ó Domhnaill chun Comhairle Contae Luimnigh sa bhliain 2004 agus bhí sé ina chomhalta de na Coistí Beartais Straitéisigh a bhí ag plé le réimsí na Pleanála agus an Iompair.

Is céimí de chuid Ollscoil Luimnigh é an Teachta Ó Domhnaill agus fuair sé céim i staidéir ghnó sular cháiligh sé mar chuntasóir agus sular chuir sé a chleachtas féin ar bun.

An Coiste

Ciarán Ó Loinsigh (Cathaoirleach)

Piaras Ó Dochartaigh

Seosamh Ó hUiginn

Micheál Mac Craith

Eoghan Ó Murchú

Seán Pól Ó Faoláin

Seán D Barrett

Micheál Ó Dorcmaí

Marc MacSharry

Siobhán Ní Chaoimh