This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Marc MacSharry

Toghadh an Seanadóir Marc McSharry chun Seanad Éireann ar an Rolla Tionscail agus Tráchtála sa bhliain 2002. Atoghadh é sa bhliain 2007 agus sa bhliain 2011. D’fhóin sé mar Urlabhraí Fhianna Fáil ar chúrsaí Airgeadais agus Seirbhíse Poiblí, Sláinte, agus Mara agus Acmhainní Nádúrtha. Tá téarma caite aige mar chomhalta den Chomhchoiste Oireachtais i ngach ceann de na réimsí sin. Is comhalta de Choimisiún an Oireachtais é agus is iar-chomhalta den Fhóram Náisiúnta um an Eoraip é.

Le linn a ghairmréime lasmuigh den Oireachtas, bhí se ina Phríomhoifigeach Feidhmiúcháin ar Chomhlachas Tráchtála Shligigh, 2000-2005, d’oibrigh sé sa réimse onnmhairithe tháirgí feola na hÉireann ar fud an domhain le Celtic Foods Limited, 1994-2000, agus, sa tréimhse 1992-1995 d’oibrigh sé le Cumann Foirgníochta an Irish Permanent, mar a thugtaí air an tráth sin. Reáchtálann sé gníomhaireacht eastáit teaghlaigh freisin ina áit dúchais, is é sin, Sligeach.

Tá sé pósta ar Marie agus tá triúr leanaí acu.

An Coiste

Ciarán Ó Loinsigh (Cathaoirleach)

Piaras Ó Dochartaigh

Seosamh Ó hUiginn

Micheál Mac Craith

Eoghan Ó Murchú

Ciarán Ó Domhnaill

Seán Pól Ó Faoláin

Seán D Barrett

Micheál Ó Dorcmaí

Siobhán Ní Chaoimh