This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Micheál Ó Dorcmaí

Toghadh an Seanadóir Micheál Ó Dorcmaí chun Seanad Éireann ar an Rolla Riaracháin i mí Aibreáin 2011. Faoi láthair, is é urlabhraí an rialtais ar chúrsaí airgeadais é. Roimhe seo, toghadh an Seanadóir Ó Dorcmaí chun Dáil Éireann i mí Bealtaine 2007. Fad a bhí sé sa Dáil, d’oibrigh sé mar urlabhraí Fhine Gael ar chúrsaí dlí agus cirt, agus freagracht ar leith air maidir le cúrsaí comhionannais. Chomh maith leis sin, bhí se ina chomhalta den Choiste um Chumarsáid, Fuinneamh agus Acmhainní Nádúrtha. Faoi láthair, is comhalta de Choiste an Oireachtais um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú é.

Sular chuir sé tús lena ghairmréim sa pholaitíocht náisiúnta, toghadh an Seanadóir Ó Dorcmaí chun Comhairle Contae Loch Garman agus bhain sé amach an post mar Leas-Chathaoirleach na comhairle. Bhí sé ina Chathaoirleach ar Choiste Gairmoideachais Chontae Loch Garman agus ina chomhalta de bhord bainistíochta Phobalscoil Ghuaire agus Choláiste Gairmoideachais Chill Mhucraise. Iar‑stiúrthóir de chuid Bhord Fiontar Chontae Loch Garman agus d’Eagraíocht Loch Garman le haghaidh Fhorbairt na Tuaithe is ea é. Is céimí de chuid Ollscoil Londan é an Seanadóir Ó Dorcmaí.

An Coiste

Ciarán Ó Loinsigh (Cathaoirleach)

Piaras Ó Dochartaigh

Seosamh Ó hUiginn

Micheál Mac Craith

Eoghan Ó Murchú

Ciarán Ó Domhnaill

Seán Pól Ó Faoláin

Seán D Barrett

Marc MacSharry

Siobhán Ní Chaoimh