TD de chuid Fhianna Fáil is ea an Teachta Micheál Mac Craith agus toghadh é do dháilcheantar Chorcaí Theas Láir. Roimhe sin, d’fhóin sé ar Chomhairle Baile an Phasáiste agus ar Chomhairle Contae Chorcaí. Toghadh chun na Dála é sa bhliain 2007 agus atoghadh é sa bhliain 2011.
Faoi láthair, is é an Teachta Mac Craith Urlabhra Fhianna Fáil ar chúrsaí Airgeadais. Is comhalta de Chomhchoiste an Oireachtais um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú é agus roimhe seo chaith sé seal mar chomhalta de Choiste na Dála um Chuntais Phoiblí.
s céimí de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, é an Teachta Mac Craith agus tá céim chéad onóracha sa Tráchtáil aige. Ina dhiaidh sin, bhain sé cáilíocht amach mar chuntasóir cairte tar éis oiliúint a fháil le KPMG i gCathair Chorcaí. Faoi láthair, is Ánra de chuid Chuntasóirí Cairte na hÉireann é. Sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht go lánaimseartha, d’oibrigh sé mar Rialtóir Airgeadais i bhfiontar meánmhéide i gCorcaigh agus mar Cheann Faisnéise agus Córas Bainistíochta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.