This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Micheál Mac Craith

michael-mcgrathTD de chuid Fhianna Fáil is ea an Teachta Micheál Mac Craith agus toghadh é do dháilcheantar Chorcaí Theas Láir. Roimhe sin, d’fhóin sé ar Chomhairle Baile an Phasáiste agus ar Chomhairle Contae Chorcaí. Toghadh chun na Dála é sa bhliain 2007 agus atoghadh é sa bhliain 2011.

Faoi láthair, is é an Teachta Mac Craith Urlabhra Fhianna Fáil ar chúrsaí Airgeadais. Is comhalta de Chomhchoiste an Oireachtais um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú é agus roimhe seo chaith sé seal mar chomhalta de Choiste na Dála um Chuntais Phoiblí.

s céimí de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, é an Teachta Mac Craith agus tá céim chéad onóracha sa Tráchtáil aige. Ina dhiaidh sin, bhain sé cáilíocht amach mar chuntasóir cairte tar éis oiliúint a fháil le KPMG i gCathair Chorcaí. Faoi láthair, is Ánra de chuid Chuntasóirí Cairte na hÉireann é. Sula ndeachaigh sé leis an bpolaitíocht  go lánaimseartha, d’oibrigh sé mar Rialtóir Airgeadais i bhfiontar meánmhéide i gCorcaigh agus mar Cheann Faisnéise agus Córas Bainistíochta i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh.

An Coiste

Ciarán Ó Loinsigh (Cathaoirleach)

Piaras Ó Dochartaigh

Seosamh Ó hUiginn

Eoghan Ó Murchú

Ciarán Ó Domhnaill

Seán Pól Ó Faoláin

Seán D Barrett

Micheál Ó Dorcmaí

Marc MacSharry

Siobhán Ní Chaoimh