TD de chuid Shinn Féin is ea an Teachta Piaras Ó Dochartaigh agus toghadh é do dháilcheantar Dhún na nGall Thiar Theas. Is é urlabhraí a pháirtí é i réimse an airgeadais.
D’fhóin an Teachta Ó Dochartaigh ar Chomhairle Contae Dhún na nGall ó 2004 go 2007 agus i Seanad Éireann ón mbliain 2007 go dtí an bhliain 2010. Toghadh chun Dáil Éireann é ar an 25 Samhain 2010 i gcorrthoghchán Dhún na nGall Thiar Theas. Atoghadh é i mí Feabhra 2011 agus is comhalta den Choiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú é.
Duine de bhunaitheoirí Ógra Shinn Féin é agus d'fhóin sé ar fheidhmeannacht náisiúnta na heagraíochta sin agus is cainteoir dúchais Gaeilge é.