This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Seán D Barrett

Thogh céimithe agus scoláirí thoghlach Ollscoil Bhaile Átha Cliath an Seanadóir Seán Barrett chun Seanad Éireann sa bhliain 2011 agus, faoi láthair, fónann sé ar an gCoiste um Airgeadas, Caiteachas Poiblí agus Athchóiriú. Is é an léachtóir sinsearach san eacnamaíocht é i gColáiste na Tríonóide, agus tá sé ina chomhalta de Roinn Eacnamaíochta na hollscoile sin ó bhí an bhliain 1977 ann. Tá roinnt téarmaí curtha isteach ag an Seanadóir Barrett ar bhord an choláiste agus bhí roinnt post neamh-mhúinteoireachta eile aige sa ollscoil, go háirithe an post mar Dhéan Sóisearach.

Fuair an Seanadóir Barrett a bhunchéim agus a chéim dochtúireachta ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus fuair sé a chéim mháistreachta ó Ollscoil McMaster in Hamilton, Ontario. Is é atá i bpríomhréimse taighde agus saineolais an tSeanadóra Barrett ná beartas iompair agus sóisialta.

Sa bhliain 1984, d’oibrigh an Seanadóir Barrett mar stiúrthóir ar Bhord Fáilte agus dhírigh sé a chuid oibre ansin ar dhírialáil aerlínte na hÉireann. Ina theannta sin, d’fhóin sé mar chomhalta den Chomhairle Náisiúnta Eacnamaíochta agus Sóisialta agus ar na grúpaí a bhí bainteach le hAthbhreithniú Culleton ar an mBeartas Tionscail agus le Tuarascáil Murphy ar Chalafoirt. D’fhóin an Seanadóir Barrett ar choistí iompair an Aontais Eorpaigh agus ECFE (An Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta) agus mar scrúdaitheoir seachtrach in ollscoileanna Uladh, Loughborough agus Birmingham.

An Coiste

Ciarán Ó Loinsigh (Cathaoirleach)

Piaras Ó Dochartaigh

Seosamh Ó hUiginn

Micheál Mac Craith

Eoghan Ó Murchú

Ciarán Ó Domhnaill

Seán Pól Ó Faoláin

Micheál Ó Dorcmaí

Marc MacSharry

Siobhán Ní Chaoimh