This is the official archived website of the Joint Committee of Inquiry into the Banking Crisis. It was last updated in March 2016 and will not be updated further.
Ceisteanna a Chuirtear go Minic | Teagmháil | | English | Preasráitis

Siobhán Ní Chaoimh

Toghadh an Seanadóir Siobhán Ní Chaoimh chun Seanad Éireann i mí Aibreáin 2011 ar an Rolla Talmhaíochta. Tar éis di a suíochán a ghlacadh sa Seanad, ceapadh í mar aoire ar sheanadóirí Pháirtí an Lucht Oibre agus mar urlabhraí Pháirtí an Lucht Oibre sa Seanad ar chúrsaí talmhaíochta. Feidhmíonn sí anois mar urlabhraí an pháirtí sin ar chúrsaí turasóireachta agus cultúir.

Is céimí de chuid Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, í an Seanadóir Ní Chaoimh agus baineann a cúlra gairmiúil le réimse na hiriseoireachta. D’oibrigh sí do roinnt foilseachán ceannais de chuid na hÉireann agus ina dhiaidh sin chuaigh sí ag obair do World in Action in Granada TV. Lean an Binse Mairteola as a céad chlár ansin agus, mar thoradh ar an gclár sin, gabhadh í agus cuireadh faoi thriail í i dtaca le cosaint a cuid foinsí. Ina dhiaidh sin, d’oibrigh sí mar léiritheoir clár cúrsaí reatha BBC a bhain le raon leathan ábhar, lena n-áirítear Panorama. Sa bhliain 1994, fuair sí gradam de chuid Ghradaim Shaorála Faisnéise na Ríochta Aontaithe mar aitheantas dá himscrúdú ar thionscal mairteola na hÉireann agus na hEorpa. Tá cónaí uirthi i Sligeach agus is í cathaoirleach Ghrúpa Stiúrtha Náisiúnta Yeats 2015 í, is é sin le rá, ceiliúradh náisiúnta agus idirnáisiúnta 150ú breithlá WB Yeats.

An Coiste

Ciarán Ó Loinsigh (Cathaoirleach)

Piaras Ó Dochartaigh

Seosamh Ó hUiginn

Micheál Mac Craith

Eoghan Ó Murchú

Ciarán Ó Domhnaill

Seán Pól Ó Faoláin

Seán D Barrett

Micheál Ó Dorcmaí

Marc MacSharry